Teanga SMS

Is téarma é Teanga SMStéacschaint do bhéarlagair agus giorrúcháin a úsáidtear de bharr nach bhfuil ach líon teoranta carachtar ar fáil go minic i dteachtaireacht a sheoltar ó fhóin phóca, ach go háirithe sna teachtaireachtaí téacs SMS agus ar líonraí sóisialta an idirlíon. Tá an oiread sin den chumarsáid ag tarlú ar líne sa lá atá inniu ann go bhfuil úsáid mhór á baint as na giorrúcháin seo leis an gcumarsáid sin a éascú. Bíonn siad in úsáid ar tháibléad, ar na ríomhairí glúine, ar na bhfóin phóca is chliste. Cabhraíonn siad cur síos a dhéanamh ar chúrsaí an tsaoil taobh istigh de 140 nó 160 carachtar, twitter agus téacsanna faoi seach. Tá an Béarla chun tosaigh ar gach teanga eile sa réimse seo, ach tá teangacha eile á gcur in oiriúint chomh maith leis.


© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search